FleadhTV
FleadhTV
Ar dhuine de láithreoirí FleadhTV i mbliana beidh Hector Ó hEochagáin in éineacht le Mairéad Ni Chuaig. Beidh an beirt acu i lár an aicsin ag an bhFleadh. Beidh chuile chineál ruda ar bun ag Hector ar shráideanna an bhaile in Inis fad a bheidh Mairéad ar a sáimhín só in aice an phríomhstáitse i lár an bhaile.
I ré nua seo na teilifíse, tuigeann Gifted Empire, an comhlacht léiriúcháin atá i mbun an tseó, na nósmhaireachtaí ilscáileáin atá ag daoine sa lá atá inniu ann agus tá forbairt déanta acu ar chlár ar líne a bheidh ar fáil freisin mar ábhar coimhdeach. Bítear i gcónaí chun cinn maidir leis na meáin shóisialta agus beidh neart nithe nua ag tarlú i mbliana freisin.
Deimhnithe le bheith ar FleadhTV 2017 tá Sharon Shannon & Big Band, Lúnasa, Clannad, Gerry 'Banjo' O'Connor, Muintir Mooney, Banna Finnegan McSherry, Banna Céilí Chill Fhionnúrach in éineacht le Banna Píob na Tullaí & Cór na nÓg Baile Uí Aodha, Banna Lisa Canny, Bow Bro's, Rioghnach Connolly & a Muintir, Daoiri Farrell & Blackie O'Connell, Muintir Mulcahy, Kevin Crawford, Skippers Alley, Las, Fusion Fighters agus neart eile....
As Doire a craoladh an chéad FleadhTV in 2012 agus in 2015 bhuaigh an fhoireann a chéad ghradam teilifíse IFTA don ‘Imeacht Beo is Fearr’ agus tá forás agus méadú tagtha ar an seó go bhfuil sé anois ar cheann de na seónna is tábhachtaí ag TG4 agus is mó a mbreathnaítear air ar an stáisiún.
Láithreoirí
Hector Ó hEochagáin
Ní haon strainséir é Hector ar TG4 le sé bliana déag agus is gearr ó tháinig sé abhaile ó dhufair Mheiriceá Láir lena chlár mór le rá teilifíse “Hector Central” a craoladh roimh an Nollaig ar an gcainéal. Tá sé i mbun roinnt tograí eile a fhorbairt faoi láthair do TG4 chomh maith le clár iomlán nua taistil do 2018.
Tá Hector ag cur siamsaíocht ar fáil do mhuintir na tíre le roinnt blianta ar an raidió, in éineacht le Tommy Tiernan ar dtús ar chlár deiridh seachtaine a raibh an-tóir air agus ina dhiaidh sin ar “keep er lit”, seo maidine ar 2fm, agus tá sé anois arís i mbun raidió leis an gclár úr nua ar “Sunday Sittingroom” ar Today FM.
Tá roinnt gradam IFTA buaite ag Hector lena chuid seónna le 15 bliana. Duine ann féin é sa tslí is gurb é féin a chumann agus scríobhann formhór a chuid ábhair teilifíse – ina measc an clár rásaíochta capall “Only Fools Buy Horses” agus “Hanging with Hector” chomh maith leis an tsraith inar thum sé é féin i bhfochultúir ar fud na tíre ar “Hector Goes” a craoladh le linn an phríomh-ama féachana ar RTÉ 1 in 2013 & 2014.
Mairéad Ní Chuaig
Tá Mairéad Ní Chuaig ar dhuine d'fhoireann “An Aimsir Láithreach” ar TG4, áit a mbíonn sí ag obair in éineacht le foireann chruthaitheach agus chumasach. Tá taithí mhór aici ina láithreoir teilifíse agus í ag obair sna meáin chumarsáide le roinnt blianta ar chláracha mar Paisean Faisean & Ceol Tíre. Bean mhór eachtraíochta í Mairéad a bhfuil an domhan siúlta aici chun WWOOFáil, sraith taistil a ainmníodh le do ghradam IFTA, a thaifeadadh do TG4. Tá sí díreach théis filleadh ón Téalainn. Is damhsóir ar an sean nós í Mairéad & tá sí ag dul chuig an bhFleadh Cheoil ó bhí sí 6 bliana.