Fleadh Cheoil na hÉireann Inis 2017
13 - 21 Lúnasa 2017
Is é Fleadh Cheoil na hÉireann an ócáid is tábhachtaí san fhéilire do cheol traidisiúnta. Do go leor daoine, is toradh na míonna oibre dhéin agus cleachta é agus iad curtha i gcomórtas i gcoinne a gcomhghleacaithe ceoil, amhránaíochta agus rince chun beith aitheanta mar Churadh Uile-Éireann. Do dhaoine eile is féile ar leith é ag a gcuirtear fáilte roimh gach éinne taitneamh a bhaint as scoth na n-ealaíon traidisiúnta chomh maith le réimse leathan de ghníomhaíochtaí iontacha.
Is iomaí duine a dheir ag deireadh na Fleidhe gach bliain, “B’é sin an Fhleadh is fearr fós…!’ Agus tá chuid éigin den fhírinne ansin sa mhéid go dtógann gach Fleadh ar rath na bhFleadhanna a tháinig rompu, ag cur uathúlacht agus traidisiúnta an bhaile óstaigh áirithe sin leis an taithí a ghnóthaigh Coistí na bhfleadhanna thar na blianta. Ghnóthaigh na bailte óstacha a tháinig romhainn cáil iontach ar Fhleadh Cheoil na hÉireann agus creidimid, anseo sa Chlár, go bhfuil sé in am dúinn tógáil ar dhea-shampla éachtaí na mbailte óstacha sin.
Tionóladh Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis dhá uair roimhe seo i 1956 agus i 1977 agus ba chora cinniúnacha iad i stair Cheol Traidisiúnta na hÉireann. Reáchtálfar Fleadh Cheoil na hÉireann arís in Inis agus i gContae an Chláir an samhradh seo chugainn agus beidh Craobhacha an Chomhaltais, na hÚdaráis Áitiúla, an Lucht Gnó , Cumainn Spóirt agus Oibrithe Deonacha ag saothrú le chéile go dian dícheallach chun an Fhleadh thíos in Inis 2016 a chinntiú mar an Fhleadh Cheoil ab fhearr riamh.