AN BHFUIL ÁIT AGAT DON bhFLEADH?
Táthar ag súil le suas le 400,000 duine ag Fleadh Cheoil na hÉireann Inis 2016 ón 14 go dtí an 22 Lúnasa, 2016.
Is féidir cabhrú linn trí sheomraí, árasáin nó tithe a ligean ar cíos ar phraghas réasúnta le linn sheachtain na Fleidhe.
Chun do lóistín a chlárú, líon isteach an fhoirm iarratais ar dheis le do thoil
- Is féidir seomra amháin nó roinnt seomraí (le bricfeasta nó gan é), teach, árasán srl. a ligean amach ar feadh oíche nó roinnt oícheanta.
- Gearrtar táille neamh-inaisíoctha sa mhéid €10.00 le haghaidh gach seomra ar mhaith leat a chlárú mar ranníocaíocht do Choiste na Fleidhe.
- Más mian leat níos mó ná aon réadmhaoin amháin a chlárú, beidh iarratas cláraithe ar leith ag teastáil lena haghaidh.
- Déanfaidh beirt ó fhoireann na Fleidhe iniúchadh ar an réadmhaoin agus má chloíonn an lóistín leis na caighdeáin riachtanacha cuirfear ar an liosta den lóistín é
- Déan teagmháil le Maria ag 065 - 684 5918 nó seol ríomhphost go accommodation@fleadhcheoil.ie
Glac Fleadh Cheoil na hÉireann Inis 2016 chugat féin, tabhair cúnamh d’iarracht ollmhór pobail, cuir fáilte is fiche roimh na mílte cuairteoir agus spreag daoine chun filleadh ar an gcontae as seo amach. Cabhraigh linn chun cinntiú go bhfeictear an Clár mar áit den chéad scoth a bhfuil tóir uirthi agus mar chroílár cultúrtha agus traidisiúin.
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil linn ar: accommodation@fleadhcheoil.ie